Patrick Horgan, Paul Geaney, Pádraig O'Hora, agus Stephen Bennett ag seoladh Shraitheanna Allianz.
Patrick Horgan, Paul Geaney, Pádraig O'Hora, agus Stephen Bennett ag seoladh Shraitheanna Allianz.

Sraitheanna Allianz ar ais an deireadh seachtaine seo


Le Jamie Ó Tuama

Tá Sraitheanna Allianz ar ais an deireadh seachtaine seo. 67 foireann ar fad a ghlacfaidh páirt i Sraitheanna Peile agus Iomána Allianz i mbliana ag tosú le 16 cluiche i mBabhta 1 den tsraith peile an deireadh seachtaine seo.

Beidh sé de sprioc ag gach foireann corn a bhuachan nó ardú céime a fháil, ach, tá spreagadh breise ag baint le sraitheanna na bliana seo sa mhéid is go bhfuil nasc díreach eatarthu le Craobhchomórtas Peile na hÉireann agus sa rás le haghaidh Chorn Shomhairle Mhig Uidhir.

Sa chéad bhabhta den tsraith i Roinn 1 an deireadh seachtaine seo, imreoidh Muineachán in aghaidh Ard Mhacha agus imreoidh Maigh Eo in aghaidh na Gaillimhe Dé Sathairn. Imreoidh Ros Comáin in aghaidh Thír Eoghain agus imreoidh Dún na nGall in aghaidh Chiarraí Dé Domhnaigh.

I Roinn 2 tabharfaidh Doire aghaidh ar Luimneach agus tabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chill Dara Dé Sathairn. Imreoidh Corcaigh in aghaidh na Mí agus imreoidh An Clár in aghaidh Lú Dé Domhnaigh.

Imreoidh Fear Manach in aghaidh An Longfoirt agus imreoidh Tiobraid Árann in aghaidh An Dúin Dé Sathairn i Roinn 3. Beidh Aontroim ag imirt in Uíbh Fhailí agus beidh An Iarmhí ag imirt in aghaidh An Chabháin Dé Domhnaigh.

Imreoidh Loch Garman in aghaidh Londan agus Ceatharlach in aghaidh Chill Mhantáin i Roinn 4 Dé Sathairn. Tabharfaidh Liatroim aghaidh ar Phort Láirge agus Sligeach aghaidh ar Laois Dé Domhnaigh.

Tá gach eolas faoi chluichí dheireadh na seachtaine ar fáil ANSEO

Tá sé in am éirí arís!