Gráinne McElwain in éineacht le Marc Ó Sé, Michael Murphy agus Séamus Hickey ag seoladh chlúdach GAAGO an tseachtain seo caite
Gráinne McElwain in éineacht le Marc Ó Sé, Michael Murphy agus Séamus Hickey ag seoladh chlúdach GAAGO an tseachtain seo caite

McElwain ag súil le gabháil ag obair le painéal iontach anailíse ar GAAGO


Le Jamie Ó Tuama

Fógraíodh ag seoladh i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite go raibh GAAGO réidh le leathnú amach in Éirinn tar éis dóibh ocht mbliana a chaitheamh ag freastal ar mhuintir na hÉireannn thar lear trí na cluichí Gaelacha a chraoladh.

Craolfar 38 cluiche ar fad ar GAAGO i mbliana agus €59 an costas a bheidh ar an bpacáiste, má cheannaítear roimh 31 Nollaig é. Is í an láithreoir aitheanta, Gráinne McElwain, a bheidh mar láithreoir ar an gclúdach nua seo.

Labhair muid le Gráinne maidir leis an gcéad chéim eile dá turas ag cur i láthair na gcluichí Gaelacha ar an scaileán mór. Tá sí ag súil go mór leis.

‘Tá mé ag súil go mór leis cinnte’, a deir Gráinne. ‘Is mór an onóir domsa a bheith mar láithreoir ar GAAGO – rud iomlán nua, turas nua do Chumann Lúthchleas Gael agus tá mé an-bhuíoch go bhfuil mise ar an turas sin leis an phainéal iontach anailíse atá roghnaithe.’

Beidh painéal fíorláidir ag obair in éineacht le Gráinne ar an gclúdach seo agus labhraíonn sí go fonnmhar agus le meas mór faoin bpainéal céanna.

‘Tá foireann den scoth againn anseo’, a deir Gráinne. ‘Michael Murphy, iarchaptaen Dhún na nGall, a bhuaigh Craobh na hÉireann i 2012. Tá Michael tar éis éirí as an bpainéal idrichontae le déanaí. Beidh seisean linn chomh maith le Paddy Andrews as Áth Cliath. Seacht gCraobh uile-Éireann buaite ag Paddy agus tá muid ag súil leis a bheith linn. Beidh Marc Ó Sé linn, tá cúig cinn de Chraobhacha uile-Éireann buaite ag Marc agus tá seisean ar phainéal na peile, fosta.

‘Leis an iomáint ansin, tá Séamus Hickey, imreoir den scoth agus Gradam All-Star agus Craobh na hÉireann aige le Luimneach. Tá Tommy Walsh ann agus naoi mbonn uile-Éireann buaite aige le Cill Chainnigh agus tá Eoin Cadigan a bhfuil Craobh na hÉireann buaite aige agus dual star atá ann, fosta!

‘Sin an painéal atá againn agus beidh muid ag cur leis le linn na bliana, fosta. Tá mé ag dúil go mór le bheith ag obair leo mar is trí shúile s’acu, na himreoirí sin, an dóigh a mbeidh muid ag cur béime ar an méid a fheiceann muid.

‘Cad iad na rudaí atá siadsan ag iarraidh a phlé agus caint faoi? Tá mé ag dúil go mór leis an saineolas sin a fheiceáil agus a bhaint amach ón phainéal de réir mar atá an chraobh ag gabháil ar aghaidh.’

Tá an-tábhacht ag baint le hanailís mhaith agus bíonn an lucht féachana ag súil le níos mó agus níos mó di an t-am ar fad. Bíonn siad ag iarraidh rudaí beaga a fhoghlaim ó thaithí na saineolaithe maidir leis an méid atá ag titim amach os a gcomhair amach. Labhraíonn Gráinne go paiseanta faoi thábhacht na hanailíse sin.

‘Domsa, tá sé ríthábhachtach go bhfuil muid ag fáil anailíse ó na himreoirí’, a mhíníonn Gráinne, ‘agus nuair atá tú ag féachaint ar rud éigin go bhfuil tú ag foghlaim.

‘Le leithéidí Michael agus Marc agus na leaids ar fad atá tar éis imirt ag an leibhéal is airde agus Craobhacha uile-Éireann buaite acu, tá muid ag iarraidh an saineolas sin a fheiceáil agus a chluinstin agus go mbeidh siad in ann a chur in iúl do dhaoine na rudaí a rinne siadsan le déanaí. Ní raibh sé i bhfad ó shin ó bhí siad ag imirt.

‘Tá siad tar éis éirí as le cúpla bliain anuas. Mar sin, cad iad na difríochtaí sna rudaí atá feicthe acu ó thosaigh siad ag imirt go dtí anois agus díreach an dearcadh úr ar na cluichí agus ar na rudaí a fheiceann siad. Tá mise ag súil go mór leis sin.’

Tá Gráinne McElwain ag súil go mór le tús chlúdach GAAGO an bhliain seo chugainn
Tá Gráinne McElwain ag súil go mór le tús chlúdach GAAGO an bhliain seo chugainn

Rud suntasach a bhí le feiceáil, agus le cloisteáil, ag seoladh chlúdach GAAGO an tseachtain seo caite ná gur labhraíodh roinnt mhaith Gaeilge ann. Tá Gráinne den tuairim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh gné áirithe den Ghaeilge le brath ina cur i láthair.

‘Tá sé thar a bheith tábhachtach,’ a deir Gráinne go bródúil. ‘Nuair a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael sin ceann de na spriocanna agus ceann de na haidhmeanna a bhí ag an gCumann. An Ghaeilge agus agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn agus sin rud atá an-tábhachtach domsa.

‘Ó thosaigh mise ag craoladh, bhí an Ghaeilge go flúirseach i mo chuid cainte agus beidh sé mar seo, chomh maith, le Cumann Lúthchleas Gael. Tá sé iontach go bhfuil Marc Ó Sé, is as an Ghaeltacht do Mharc, ar an bpainéal freisin.

‘Sílim go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a bheith fite fuaite ann (sa chur i láthair). Tá an Ghaeilge in achan áit. Tuigeann daoine Gaeilge. B’fhéidir nach bhfuil siad sásta í a labhairt mar go bhfuil faitíos orthu í a labhairt ach tuigeann daoine Gaeilge. Tá sé iontach go bhfuil muid in ann í a úsáid, go háirithe le Cumann Lúthchleas Gael agus tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge sa Chumann.’

Bhí turas réasúnta fada ag Gráinne go dtí seo in earnáil na craoltóireachta spóirt agus tá sí ar bís agus í ag súil leis an gcéad chéim eile seo den turas.

‘Tá mé ag súil go mór leis agus tá an t-ádh liomsa ó thosaigh mé amach ag craoladh. Tá mé tar éis a bheith ag obair leis na craoltóirí uilig. Thosaigh mé amach ag obair le TG4. Bhí mé ag obair le Eir Sport ina dhiaidh sin. Bhí mé ag obair le RTÉ ar The Sunday Game. Bhí mé ag obair le Sky Sports agus anois tá mé ag obair le GAAGO.

‘Mothaím i gcónaí gur pribhléid agus onóir é go bhfuil craoltóirí agus daoine sásta agus muiníneach asam le go bhfuil mise ag cur i láthair na gcluichí Gaelacha. Tá siad an-ghar do mo chroí. Is aoibhinn liom mo jab agus tá mé dúil go mór leis na cluichí an bhliain seo chugainn agus a bheith ag obair leis an fhoireann inspioráidech agus spreagúil seo.’

Is féidir gach eolas a fháil faoi chlúdach GAAGO ANSEO