Bhí 'Lá Mór na Gaeilge' ar siúl ag Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann idir Ciarraí agus Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh i mbliana
Bhí 'Lá Mór na Gaeilge' ar siúl ag Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann idir Ciarraí agus Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh i mbliana

Súil siar ar Lá Mór Gaeilge CLG


Le Jamie Ó Tuama

Eagraíodh ‘Lá Mór na Gaeilge’ mar chuid de Chluiche Leathcheannais Peile na hÉireann idir Chiarraí agus Áth Cliath ar an Domhnach, 10 Iúil, i mbliana.

Mar chuid den lá bhí deis acu siúd a bhí i láthair grianghraif a thógáil le Corn Shomhairle Mhig Uidhir sa ‘zón Gaeilge’ a bhí ar thaobh Ardán Uí Chíosóig de Pháirc an Chrócaigh agus rinneadh iarracht gach duine a bhí i láthair a spreagadh lena gcuid Gaeilge líofa, bhriste nó a gcuid cúpla focal a úsáid le linn an lae!

Bhí Gaeilge le cloisteáil agus le feiceáil ar an scáileán mór agus sa staid ar feadh an lae, freisin, agus bhí neart aíonna againn a labhair leis an slua - iarchaptaen buacach Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, iarimreoir peile Átha Cliath, Sinéad Finnegan agus Jerry Grogan, Fógróir Staide Pháirc an Chrócaigh, i measc daoine eile.

Ba iad Éamonn Mac Donncha agus Na Hot Toddies, atá lonnaithe i nGaeltacht Ráth Chairn na Mí, a bhí i mbun an cheoil amuigh ar an bpáirc ar an lá.

Seo thíos blaiseadh beag den lá. Labhraimis í agus mairfidh sí!!!