
Tráth na gCeist Náisiúnta Gaeilge CLG ar ais
Thiar sa bhliain 2019, d’éirigh le CLG Chnoc na hEaglaise, Ciarraí, Tráth na gCeist náisiúnta Chumann Lúthchleas Gael a bhuachan i bPáirc an Chrócaigh. Ní raibh aon chomórtas ann ó shin i leith de bharr na paindéime ach is mór an chúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil muid ar ais an athuair agus comórtas nua ar na bacáin.
Ag brath ar an éileamh ar an gcomórtas seo beidh réamhbhabhta le déanamh roimh Nollaig agus beidh an babhta náisiúnta ar siúl sa bhliain nua. Ní mór a bheith i do bhall den chlub le páirt a ghlacadh ann.
Tá réamhbhabhta faoi lánseol do chlubanna chúige Uladh cheana féin.
Más suim le do chlub páirt a ghlacadh sa chomórtas seo, nó más suim leo a thuilleadh eolais a fháil faoi, is féidir teagmháil a dhéanamh le Jamie Ó Tuama roimh an Déardaoin, 25 Samhain, ag jamie.otuama@gaa.ie.