
DOWNLOADS
STRAITÉIS CHUMANN LÚTHCHLEAS GAEL DON GHAEILGE V2[5]
Leabhrán Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
Scileanna Peile / Football Channels
Téarmaí do Chruinnithe - Terms for Meetings
Imreoirí/Bainisteoirí - Players/Managers
Cúigí agus Contaetha Provinces
Ábhar do Chláir Chluiche / Material for Programmes
Oifigigh Ghaeilge - Chultúrtha
Rialacha Thráth na gCeisteanna CNG 2019
Ag Eagrú Seisiún Cóitseála agus Aclaíochta Ar Líne do Dhaoine Óga
Ceistneoir Sláinte do na Cluichí Gaelacha
Foirm Dhearbhaithe Maidir le Stádas Slainte do na Cluichí Gaelacha
Lámhleabhar Fhear agus Bhean an Tí (2)
Plean Straitéiseach CLG 2022-2026
Comhairle CLG maidir le clogaid iomána a chaitheamh
Tacaíonn Cumann Lúthchleas Gael le cur chun cinn na Gaeilge, an damhsa Ghaelaigh, an cheoil, na hamhránaíochta agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne. Chun an ról sin a chomhlíonadh tá struchtúir éagsúla i bhfeidhm ag Cumann Lúthchleas Gael.
Tá Coiste Náisiúnta na Gaeilge lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh chun polasaí a fhorbairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn go praiticiúil i gcomhar leis an Oifigeach Gaeilge.
Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha ann a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa Chumann go náisiúnta. Tá Oifigeach Gaeilge lánaimseartha i gcúige Uladh, freisin.
Tá coistí i ngach contae agus i ngach cúige.
Tá sé de dhualgas ar gach club sa tír Oifigeach Gaeilge/Cultúir a cheapadh.
Tá dhá leabhrán ann le treoir agus cabhair a thabhairt do na hOifigigh sin – ‘An tOifigeach Gaeilge sa Chlub’ agus ‘Leabhrán Téarmaí Gaeilge’. D’fhoilsigh Coiste Náisiúnta na Gaeilge na leabhráin sin.
Tugann an tOifigeach Gaeilge i gcomhar le Coiste Náisiúnta na Gaeilge cabhair agus tacaíocht d'eagrais eile a bhíonn ag cur chun cinn na Gaeilge.
Is féidir breis eolais faoi ról na Gaeilge i gCumann Lúthchleas Gael a fháil ó Pháirc an Chrócaigh ach teagmháil a dhéanamh le Jamie Ó Tuama ag 087 9505695 / 01 8192941 nó tríd an ríomhphost ag jamie.otuama@gaa.ie.